Misneach – grúpa ‘gníomh díreach’ ar an tsaol

Le caoinchead Ghaelscéal

 

Colm Ó Broin

TÁ grúpa nua tagtha ar an

bhfód chun seasamh ‘radacach’

a thógáil ó thaobh na

Gaeilge de. Tá daoine i mBaile

Átha Cliath, Béal Feirste agus

Cathair na Gaillimhe páirteach

sa ghrúpa, ‘Misneach’.

Deir an grúpa go mbeidh

siad ag leanúint eiseamláir

Chumann na Breatnaise,

grúpa a reáchtálann léirsithe

agus gníomhaíocht dhíreach

ar nós agóidí ‘suí-síos’ i siopaí

agus eagraíochtaí Stáit nach

ndéanann freastal ar phobal na

Breatnaise.

Gabhann na póilíní

gníomhaithe de chuid Chumann

na Breatnaise ag na

hagóidí sin go minic.

Tá ‘Misneach’ sásta dul i

mbun an cineál sin léirsithe

agus tá baill ann atá sásta dul i

bpríosún ar son na cúise, arsa

urlabhraí.

“Tá go leor buillí faighte ag

an nGaeilge le tamall anuas

agus tá muid ag lorg bealaí

níos radacaí chun an teanga a

chosaint.”

Scríofa ag ar 13.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Misneach – grúpa ‘gníomh díreach’ ar an tsaol”

  1. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    a bhuï le Dia ar son rud éigin a bhaineann le habhar seachas damhsaí ar an tsean nós agus scléip na hóige ag an an Oireachtais – bí ag caint ar an damhsa agus an Titanic ag síothlú go tóin poill !! má’s mall is mithid. creathaigí suas é a chairde.

  2. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    má’s fíor go bhfuil grúpa bunaithe i mBéal Feirste agus abhar agóide ag teastáil uathu ní fearrde rud a dtiocfadh leo a dhéanamh ná léirsiú taobh amuigh de Oifigí Shinn Féin sa chathair le cur i gcoinne an leatrom atá an páirtí ag déanamh ar pháistí Choláiste Feirste o thaobh saor thaistil de. Tá an éagóir seo chomh holc agus chomh follúsach le haon rud a rinneadh le linn don tseanréimeas a bheith i gcumhacht agus ar shíl go leor againn deireadh a bheith leis ar theacht don Fheidhmeanas nua. Bhí breall orainn de réir cosúlachta.

  3. Fearn

    Sin an caint! Cá bhfuil an gníomh?

Tabhair Freagra

© Nuacht24