Milliún páiste ina dteifeach

Tá corradh is milliún páiste ón Siria ina dteifeach anois dar le tuarascáil ó na Náisiúin Aontaithe. Agus dar leo go bhfuil dhá mhilliún páiste eile imithe óna dtithe ach ina gcónaí in Siria i gcónaí mar gheall ar an chogaíocht atá ag dul le dhá bhliain anois agus a d’fhág, ar a laghad, 100,000 duine marbh.

Inniu dúirt an Rúis go mba cheart do rialtas na Siria ligean do chigirí na Náisiúin Aontaithe dul a fhad le bruachbhailte de chuid na Damáisce mar a rinneadh ionsaí, más fíor, le hairm ceimiceacha ar na mílte sibhialtach Dé Céadaoine. Deir an Rúis go gcaithfí lucht éirí amach ligean do na cigirí fáil a fhad leis an cheantar agus mhaígh siad arís eile go bhfuil siad in amhras go raibh arm na Siria ag baint tairbhe as airm ceimiceacha.

Scríofa ag ar 23.08.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Milliún páiste ina dteifeach”

  1. Fearn

    Anois, seo cúis náire dúinn uile!

Tabhair Freagra

© Nuacht24