Mc Guinness chun bualadh le Banríon Shasana i mBéal Feirste

Buailfidh Martin Mc Guinness le Banríon Éilís na Breataine i mBéal Feirste an tseachtain seo chugainn. Dhearbhaigh Gearóid Mc Adam inniu, i ndiaidh do Ard Chomhairle Shinn Féin a cheist a phlé, go mbeidh cruinniú ann. Meastar go mbeidh an cruinniú ann ag ócáid de chuid Cooperation Ireland a bheidh ar siúil i mBéal Feirste Dé Céadaoine chun ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona thuaidh is theas. Ina chaint dúirt Gearóid Mc Adaim go mbeidh dúshláin go leor do Phoblachtaigh a leithéid de chruinniú a bheith acu le Banríon Shasana ach go bhfuil siad maíte ar mheas a léiriú dá gcomharsanaigh Aontachtacha.

Scríofa ag ar 22.06.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

5 Nóta Tráchta ar “Mc Guinness chun bualadh le Banríon Shasana i mBéal Feirste”

  1. séamus mac seáin Béal Feirste

    tá súil a’s agam go bhfuil a gcaipíní réidh ag lucht na Gaeilge nó is cinnte go mbeidh roinnt “‘Goodies “” á mbronnadh ag SF ó Thuaidh idir seo agus “”lá an tsléachta mhóir”" Dé chéadaoin seo chugainn.- Is olc an ghaoth srl.

  2. Bionn na caipíní reidh ag na Gaeil i gcónaí – ó thuaidh is ó dheas. Sin gléas amháin nár deineadh a dhíchoimisiúnú!

  3. Concubhar

    http://www.bbc.co.uk/news/uk-northern-ireland-18569807

    An é seo atá I gceist agat, a Shéamuis. Úsáid fónta á bhaint as dibhinn an tsleachta mhóir. Is maith an scéal é ach tá an t-amáil amhrasach.

  4. Seamus mac Seain bealfeirste

    go díreach é a Chonchubhair a chara níl bua na fáidheadóireachta agam ach sa chás bhí an ceart agam. aon ” goodie” ar fáil meas tú?

  5. Seamus mac Seain bealfeirste

    rud eile a Choncubhair dá mba rud é gur bronnadh a gcearta taistil ar pháistí Dhún Phádraig bheadh mo chupán ag cur thar maol le féiríní ach sílim gur céim amháin de bharraíocht a bheadh annsin do aon sléachtadh amháin ach is cuma beidh sléachtadh ar bharr sléachta feasta tá mé ag ceapadh

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24