Martin Traynor faoi ghlas arís
Tá an coirpeach John Traynor le heiseachadadh ón Ollainn go Sasana. Bhí Traynor ar a sheachaint le 18 mbliain ach ghabh péas na hOllainne é coicís ó shin agus ceadaíodh eiseachadadh. Gearradh príosúnacht seacht mbliain air i Sasana in 1992 ach nuair a ligeadh amach as príosún ar pharól é chuaigh sé ar a sheachaint. Bhí Traynor ar dhuine de na drongadóirí is aitheanta i mbuíon Martin Cahill agus bhí sé páirteach i gcoireanna go leor dar le foinsí Gharda. Bhí péas na Breataine páirteach san oibríocht in Amstelveen nuair a gabhadh Traynor. Meastar go ndéanfar é a eiseachadadh go luath.
Een andere ierse misdader in Holland? Tje”
(Coirpeach Éireannach eile san Ollainn? Dheara!)