Mac Róibín ina Chéad Aire ó thuaidh arís

Tá Peter Robinson i ndiaidh dul ar ais i mbun cúraimí an Chéad Aire. Dar leis go bhfuil comhairle dlí faighte aige a chuireann in iúl nach bhfuil rud ar bith as bealach déanta aige agus mar sin go mothaíonn sé go bhfuil sé in am aige dul ar ais i mbun a chuid cúraimí. Cheistigh an SDLP, an UUP agus an TUV an cinneadh agus mhol go bhfoilseofaí an comhairle dlí a fuair sé ina iomlán le go dtiocfadh leis an phobal breithiúnas a dhéanamh air.

Posted by nuacht24 on 03.02.2010 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

1 Nóta Tráchta for “Mac Róibín ina Chéad Aire ó thuaidh arís”

  1. Seán Mór

    Cé go gcreidim féin nach bhfuil mórán as bealach déanta ag Mac Róibín (de réir na fianaise atá faighte againn go dtí seo), sílim go bhfuil an ceart ag na páirtithe siúd a deir gur chóir an chomhairle dlí seo a chur ar fáil go poiblí. Ní fiú dó scéal mór a dhéanamh den chomhairle dlí seo roinnt seachtainí ó shin, agus an t-eolas sin a cheilt orainn ina dhiaidh….

    Más rud é go mbeidh comhaontú ann an tseachtain seo, tá súil as Dia agam go bhfuil níos mó bainte amach againn ná ‘straitéis theibí’ éigin, mar Ghaeil. Níl aon fhocal a chuir níos mó moille ar fhorbairt na Gaeilge ná ‘straitéis’, focal a bhíonn i mbéal achan ‘aoichainteora’ ach nach dtig le duine ar bith acu a mhíniú dúinn ar dhóigh phraiticiúil. B’fhearr i bhfad 20 Gníomh ar son na Gaeilge a bhaint amach, ná straitéis theibí.

    Molaim an suíomh seo go mór…

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24