Livni sásta le feallmharú Dubai

In ainneoin cháineadh Aontas na hEorpa mhol ceannasaí fhreasúra na hIosrael Tzipi Livni inniu marú Mahmoud al-Mabhouh i mí Eanáir. Ag caint ar bhás cheannasaí Hamas, a fuarthas marbh i seomra i dteach ósta in Dubai agus an chosúlacht air gur leictreamharaíodh é agus gur plúcadh é ag lámha an Mossad.
Arsa bean Livni; “Cionn is gur maraíodh sceimhlitheoir, is cuma cé acu tharla sé in Dubai nó i Gaza, nó is dea-scéal é do iad siúd atá ag troid in éadán sceimhleoireachta..”
Bhí iar Aire Roinn Ghnóthaí Iosrael ag caint ag comhdháil Ghiúdach in Iarúsléim agus is cosúil gurb é seo an chéad uair ar labhair ball ar bith de rialtas na tíre fán ghníomh ar dhóigh moltach.

Mheas sí gur chóir don domhan tacaíocht a thabhairt don Iosrael agus ar sise, “Tá sé mímhorálta comparáid a dhéanamh idir sceimhleoireacht agus iad siúd atá ag troid ina héadán.
“Ba chóir don domhan uilig tacaíocht a thabhairt do iad siúd atá ag troid i gcoinne na sceimhleoireachta.”
Tháinig ráiteas Livni ag am nuair atá brú ar an chaidreamh idir an Iosrael agus tíortha san Eoraip agus i ndiaidh d’Aire na hIosrael diultiú labhairt ar ról an Mossad sa mharú .
“Ní fhreagraíonn, ní dhearbhaíonn agus ní shéanann údarás Iosrael rud ar bith, in am ar bith, a choíche’ arsa Aire Gnóthaí Eachtracha na tíre.

Posted by nuacht24 on 24.02.2010 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24