Leonard faoi thionchar Yeats
Tabharfaidh Leonard Cohen cuairt phríobháideach ar uaigh WB Yeats agus é i Sligeach an deireadh seachtaine seo. Dé Sathairn is Dé Domhnaigh beidh an cheoltóir Cheanadach ag seinm os comhair 20,000 duine ag Lisadell House agus tá gach ticéad do na cheolchoirmeacha díolta i bhfad ó shin. Ach más fíorú na físe do go leor den lucht éisteachta Cohen a fheiceáil i mbun ceolchoirme is fíorú na físe é don cheoltóir fanacht sa teach mar a stop W B Yeats agus é ar chuairt ar an Countess Markievicz. Bhí Yeats ar dhuine de na filí is mó a chuaigh i bhfeidhm ar Leonard Cohen , ceoltóir a bhfuil iomrá mór air as a fhilíocht in amhráin agus díreach mar fhilíocht ann féin. Dé Domhnaigh tabharfaidh an tUasal Cohen cuairt ar uaigh WB Yeats. Agus cá fios nach mbeidh amhrán nó dán mar thoradh ar an chuairt sin.