Léitheoireacht leabhar i nGaeilge – tuairimí á lorg ag an Fhoras

Tuairimí á lorg ag Foras na Gaeilge faoi léitheoireacht leabhar i nGaeilge

 

Tá sé fógartha ag Foras na Gaeilge go bhfuil tús á chur acu le comhairliúchán poiblí faoi léitheoireacht leabhar i nGaeilge. Tá an cháipéis chomhairliúcháin ina bhfuil moltaí faoi bheartais leis an léitheoireacht a chothú le fáil ar láithreán gréasáin Fhoras na Gaeilge (www.gaeilge.ie).

Beidh Foras na Gaeilge ag tabhairt faoi straitéis nua léitheoireachta sa bhliain 2014. Cuirfear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí seo san áireamh nuair a bheidh an straitéis sin á cur le chéile.

Is as Comhdháil faoin Léitheoireacht a d’eagraigh Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2012 a d’eascair na moltaí atá sa cháipéis.  Tugadh faoin gComhdháil sin a eagrú chun léargas a fháil ar staid reatha earnáil na leabhar in Éirinn agus thar lear. Is ar bhealaí leis an léitheoireacht a chothú i gcoitinne atá na moltaí dírithe, ach baineann go leor de na moltaí le cúrsaí foilsitheoireachta chomh maith. Tá teacht ar thaifeadtaí de chuid de chainteanna na Comhdhála sin ar láithreán gréasáin Chlár na Leabhar Gaeilge (www.gaeilge.ie).

Dúirt Caitlín Uí Mhéalóid, Stiúrthóir Gníomhach Chlár na Leabhar Gaeilge, go bhfuil súil aici go dtapóidh eagraíochtaí litríochta agus daoine aonair an deis seo le bheith páirteach san athbhreithniú seo ar chúrsaí léitheoireachta.

“Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an t-infrastruchtúr cuí ann le i bhfad níos mó daoine, idir óg agus aosta, a spreagadh le bheith ag ceannach agus ag léamh leabhair Ghaeilge amach anseo,” a dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

“Baineann na ceisteanna seo le léitheoirí, foilsitheoirí, scríbhneoirí, tuismitheoirí, múinteoirí, leabharlannaithe, lucht díolta leabhar agus léirmheastóirí, agus le heagraíochtaí ealaíon agus litríochta. D’fháilteoimis roimh a dtuairimí siúd ar fad faoi na beartais atá á moladh sa cháipéis chomhairliúcháin.”

Is féidir an cháipéis chomhairliúcháin a íoslódáil ó láithreán gréasáin Chlár na Leabhar Gaeilge (www.gaeilge.ie) nó is féidir cóip di a fháil sa phost ach glaoch ar oifig Chlár na Leabhar Gaeilge. Is féidir le daoine a dtuairimí a nochtadh faoi na moltaí ar fad atá sa cháipéis, nó is féidir leo díriú ar réimsí agus ar mholtaí ar leith.

Glacfar le haighneachtaí agus le haiseolas ón bpobal (ar ríomhphost nó sa phost) go dtí Dé hAoine, 28 Meitheamh 2013.

 

Tuilleadh eolais: www.gaeilge.ie (Clár na Leabhar Gaeilge)

Ríomhphost:

Guthán:

Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí

Gearóid Mag Uibhrín:

 

Scríofa ag ar 11.06.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

11 Nóta Tráchta ar “Léitheoireacht leabhar i nGaeilge – tuairimí á lorg ag an Fhoras”

  1. Fearn

    Tá súil agam nach bhfaigheann siad amach gur beag duine a léann leabharthaí sa lá atá inniu ann

  2. Dónall Chaoimhín

    Is é an moladh a bheidh mé féin ag tabhairt don Fhoras ar an ábhar seo ná gur chóir trí rud a chur le leabhair Ghaeilge ar fhoilsiú dóibh:

    (1) CD nó comhad fuaime le go dtig le daoine éisteacht agus léamh le chéile

    (2) Gluais nó foclóir ag an chúl le go dtig le daoine na focail dheacair a thuiscint

    (3) Foirm leictreonach den leabhar le go dtig le daoine iad a léamh ar ríomhaire nó kindle srl.

    Sílim go gcuirfidh na rudaí sin go mór le líon na ndaoine a léann leabhair Ghaeilge.

  3. Paula Nic Cionnaith

    Is é an moladh a bheadh agamsa do Fhoras na Gaeilge ná an t-ábhar / rogha leabhar as Gaeilge a leathnú amach thairis na gnáth cineál leabhar ‘traidisiúnta’.

    Níl le déanamh ach breathnú ar na seilfeanna in Eason, Hughes and Hughes srl le feiscint cad atá daoine ag ceannach.

    Is iad na daoine céanna iad atá ag léamh leabhar as Béarla is a bheadh ag iarraidh leabhair a léamh as Gaeilge.

  4. Léim féin leabhair, a Fhirn, : ) B’fhearr liom a bheith ag léamh ná a bheith ag breathnú ar an teilifís. Ní bhacaim le teilifís. Níl ceann ar bith sa teach agam.

    Bheadh níos mó ríomh-leabhar go deas. Is maith liom r-leabhair, mar go bhfuil mé i mo chónaí i dteachaín beag bídeach anois. Bhí orm cuid is mó de mo leabhair a dhíol agus mé ag bogadh isteach.
    Agus ba mhaith liom féin ghnáthleabhair, ficsean agus neamhfhicsean, gan ghluais. Agus bheadh leabhair ar cd-anna go deas. Is maith leis an iníon is sine atá agam a bheith ag éisteacht le leabhar.

  5. Pól Réamainn

    Lá ciúin le haghaidh an nuacht?

  6. Dónall Chaoimhín

    Sílim go bhfuil an ceart agat a Phaula. Sé mo bharúil nach bhfuil go leor litríocht ar fáil a chuirfeadh mná agus daoine óga spéis ann ach go háirithe. Sílim fosta nach mbíonn poiblíocht nó scaipeachán ceart á dhéanamh ar na leabhair atá ar fáil.

  7. Sea…go díreach an rud a dhúirt Paula thuas! : )

  8. Seaic

    Iontach maith – tá an Foras le moladh as seo, as tuairimí a lorg.
    Ach fad is go dtógann siad ar bord tuairimí fiúntacha readúla a thagann ón phróiseas seo agus go ngníomhann siad ar bhealach éifeachtach amach anseo.
    Fadhb é le lucht léitheoireachta na Gaeilge , sílimse, go bhfuil an Ghaeilge ina dara teanga acu.
    Mar sin, don chuid is mó, is cainteoirí is léitheoirí darateanga muid (más féidir léitheoir darateanga a thabhairt ar dhuine) seachas ina gcainteoirí agus léitheoirí dúchais.
    Fágann sin gur deacra ag bunús Gaeilgeoirí leabhar i nGaeilge a léamh chomh furasta is a léifidh siad a macasamhail i mBéarla. Agus sin mo thaithí – in ainneoin mé a bheith ag léamh i nGaeilge agus i mBéarla leis na cianta. Cé chomh deacair is a bhíonn sé ag duine níos óige ná mé úrscéal nó leabhar ficsin a léamh i nGaeilge?
    Tá an líon Gaeil a léifidh leabhar Gaeilge ar nós ‘An Litir’ chomh réidh céanna is a léifeadh siad a macasamhail de leabhar i mBearla beag.
    Is éigean léitheoireacht na Gaeilge a fhorbairt thar tréimhse mhaith agus chuige sin is gá tosú leis na scoileanna agus leis an aos óg. Go háirithe sna Gaelscoileanna. Bhí fiontar ag an Foras blianta o shin dárbh ainm Leabhar Power ach is gá rud níos leithne fós.
    Níl sé furasta. Ach níl aon rud furasta maidir le cur chun cinn teanga mionlaigh atá beo faoi scath an Bhéarla.
    Tá fiche gné eile den scéal. Tá leabhar iontacha Gaeilge nach léifear ach ag roinnt scórtha nó céadta duine iad cionn is – íomhá neamhtharraingteach na leabhar Gaeilge, cionn is easpa léirmheastóireachta, cionn is easpa poiblíochta is margaíochta, cionn is nach bhfuil dáileadh fairsing go leor orthu, cionn is nach bhfuil straitéis comhaontaithe ann do leabhair Gaeilge, cionn is a leisciúla is atá Gaeil áirithe, cionn is nach bhfeiceann scair de phobal na Gaeilge ceannach leabhar nó irisí nó nuachtáin Ghaeilge mar rud a bhaineann leo ná a gcoimitmint don Ghaeilge, ….. agus fiche cúis eile.
    Ach i bhfirinne tá an líon leabhar a dhíoltar i mBéarla sa tír seo íseal go maith. Mar sin ná creid go bhfuilimid ar an aon dream amháin atá ag plé leis na dúshláin seo.
    Molaim go mór na foilsitheoirí sin a shnámh in aghaidh easa le fada an lá agus ar deacra a saol ó chuir an Foras srianta bhreise i bhfeidhm anuraidh. B’fhiú don Fhoras breathnú as an úr air sin.
    Do mo mhacasamhail tá seilfeanna s’agamsa trom le leabhair Ghaeilge.
    Agus is fíor annamh go bhfuair mé ‘bumer’ ina measc.

  9. Léitheoir

    B’fhearr na moltaí seo a chur chucu! Ar eagla nach bhfeicfidís anseo iad.

  10. Fearn

    Is ionadh liom seisear ag tuairimíocht ar an ábhar seo.

    An ligfidh sibh dúinn an méid léitheoireachta a dhéanann sibh thar tréimhse, leabhair, irisí, ciondail, ceannach nó iasacht, teanga, 7rl?

  11. Dónall Chaoimhín

    Níl mórán d’iontas orm, caithfidh mé a rá, nach leitheoirí na daoine a bhíonn ag léamh i Nuacht24 chomh maith?

Tabhair Freagra

Scéalta is Déanaí

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24