An Léigiún Ríoga Briotanach míshásta faoi mholadh brataigh

Thug an Royal British Legion le fios inniu go bhfuil siad míshuaimhneach faoi mholadh chun Brat Shasana a chur ar follán ag an Cenotaph i mBéal Feirste 365 lá sa bhliain. Rinne Aontachtaithe seo a mholadh i ndiaidh don Chomhairle vótáil chun go gcrochfaí Brat Shasana in airde os cionn Halla Cathrach Bhéal Feirste 17 lá sa bhliain seachas 365 lá sa bhliain mar a ba nós.  Thug an Leigiún le fios go mba cheart go dtabharfadh daoine le chéile nuair a léirítear ómós do na mairbh seachas daoine a scaradh agus go bhfuil siad buartha go ndéanfaí an Gairdín Cuimhneacháin , atá le taobh Halla na Cathrach, a smalú trí bheith ceangailte le haighneas an bhrataigh. Tuigtear nach bhfuil oiread comhairleoirí ag Comhairle Bhéal Feirste ar son an mholta a rinne an DUP agus nach n-éireodh leis dá gcuirfí i láthair an Chomhairle é.

Scríofa ag ar 18.04.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “An Léigiún Ríoga Briotanach míshásta faoi mholadh brataigh”

  1. Fearn

    Brat Shasana ? nó Bratach na Ríochta aontaithe?

  2. Pól Réamainn

    Tuige go bhfuil sé í gcónaí túsa agus mise a Fhearn?

Tabhair Freagra

© Nuacht24