Láscadh don Eaglais, don Easpag Magee

Dúirt an Cairdinéal Sean Brady gur lá dorcha eile i stair na hEaglaise Chaitlicigh in Éirinn foilsiú tuarascáil an Choimisiún Iniúchtha iniu. Níor chuidiú ar bith an Vatacáin do Easpag Éireannach ar bith a bhí ag iarraidh a phlé ar bhealach níos éifeachtaí  le líomhaintí faoin chléir  ag ionsaí páistí. Bhí sin ar na príomhthorthaí i dtuarascáil an Choimisiún Iniúchtha, a d’fhoilsigh inniu a dtuarascáil faoi dheoise Chluaine i gCorcaigh. Luaitear go sonrach ann cinneadh na Vatacáine chun a chur in iúl nach caipéis oifgiúil a ba ea é deilbhchaipéis a foilsíodh in 1996 agus a leag amach treoirlínte  nua faoi thuairisciú is fiosrú líomhaintí. Thug seasamh na Vatacáine saoirse do Easpaig chun neamhiontas a dhéanamh de na treoirlínte nua dá mbeadh fonn orthu dar leis an Choimisiún. Ina dtuarascáil , a bhfuil 341 leathanach ann, pléann an Coimisiún le líomhaintí i gcoinne 19 sagart i ndeoise Chluaine idir 1996-2009. Dar leo go raibh aisfhreagra na deoise easnamhach agus míchuí. Leagann siad an locht go mór mór ar an Easpag John Magee. D’éirigh seisean as a phost in 2010. Dar leis an Choimisiún gur beag airde a thug sé ar bhainistiú na líomhaintí is na treoirlínte go dtí 2008 – 12 bliain i ndiaidh do na treoirlínte teacht i bhfeidhm. Dar leo gur chlis ar an deoise líomhaintí a thuairisciú do na Gardaí i naoi gcás ar a laghad. Agus cháin siad an tEaspag Magee as a bheith ag tabhairt dá leagan éagsúl dár tharla nuair a labhair sé le sagart a raibh líomhaintí curtha ina choinne. Don chuid is mó molann an tuarascáil na Gardaí as a ról sna himeachtaí seo ach luaigh siad go sonrach trí chás nuair a bhí an Garda easnamach.

Scríofa ag ar 13.07.2011 Rannóg náisiúnta, nuacht.

6 Nóta Tráchta ar “Láscadh don Eaglais, don Easpag Magee”

  1. Fearn

    Ní thuigim é seo.

    Má tá locht coiriúil ar shagart, nach ndéantar a ghearán leis na Gardaí, is is futhu a fhiosrú. Daortar é nó saortar é.

    Cad é mar a thagann easpag ná easpag i dtreis?

  2. séamus mac seáinB'Feirste

    ach a Fhearn a chara an iompar coiriúil é eolas faoi iompar coiriúil a cheilt ar na Gardaí? sin í an cheist sílim. agus bíodh a’s go bhfuil mé sean go leor le hiompar an Easpaig a thuigbheáil agus cúrsaí mar a bhi fadó. Ní thuigim cad chuige nach bhfuil ard eaglaiseach i nÉirinn an lae inniu sásta éirí as mar Easpag, Ard Easpag nó mar Chairdinéal féin le cruthú go dtuigeann siad anois nach raibh sé ceart an dóigh ar dhéileáil siad le seo uilig san am a chuaigh thart. Sílim go bhfuil na híospartaigh i dteideal sin a bheith acu ar a laghad. Níl de nós sa tír seo de réir cosúlachta ag an uasaicme, idir chléir agus thuata an rud ceart a dhéanamh mar leorghníomh ar shon a thárlaigh lena linn dóibh a bheith i gcumhacht monuar.

  3. Fearn

    Ach, a Shéamuis, conas a mbeadh fhios ag an easpag muna raibh fhios ag na Gardaí?

    Is dóigh, má tá ceilt eolais i dtreis, nó dris chosáin a chur i bhfiosrú, bheadh duine ciontach; ach nach faoin Gharda plé leis sin freisin.

    Agus más ceilt eolais é, is dóigh go raibh tost ar an-chuid daoine, cionn is nár chuir siad fios ar na Gardaí ach an oiread. An bhfuil ar gach duine éirí as a bpost?

    Nó an ea gur thug easpag ar íospartaigh gan dul chun dlí? Nach bhfuil an rogha sin ag na híospartaigh, dul nó gan dul. Muna dtéann siad, nach orthusan atá an locht?

    Sílim fhéin, cionn is gur thug muintir na hÉireann, trí chéile, cead a chinn is a chois don péidifíleach; agus anois tá áiféala orthu agus tá siad ag lorg díolta cionta i ngach bhaill, diomaite díbh fhéin, dar ndóigh.

    Ní taise do chliseadh an gheilleagair! De réir dealraimh, níl aon fhreagracht ar na vótóirí a lig a gcinn le poiliteoiríní chama agus lucht craois!

  4. séamus mac seáinB'Feirste

    ní dlíodóir mé a Fhearn agus níl a fhios agam an bhfuil an tEaspag seo ciontach ó thaobh dlí na tíre de cionn is nár chuir sé i niúl do na Gardaí gur duradh leis go ndearnadh droch íde ghnéis ar pháistí ag sagairt áirithe ach de réir an dlí mhorálta dar leat gur cheart dó sin a dhéanamh mura mbeadh i gceist ach ceart an íospartaigh a sheasamh agus an sagart a shaoradh ar líomháintí bréagacha má’s mar sin a bhí. Is ar scath a chéile a mhaireann muid agus tá dualgais áirithe orainn ó thaobh cosaint pháistí dar liom. olc agus atá sé ní chuirfinn cliseadh an gheilleagair agus iad sin a bhí ciontach ar aon chéim chiontachta le droch íde pháistí. Cuimhnimis gurbhé an Cairdinealach féin a thug ar íospartaigh dearbhú a shíniú a rá nach gcuirfeadh siad an scéal níos faide, b’ionnn sin agamsa agus cead á chinn a ligint le fear déanta an oilc.

  5. Fearn

    Má tá sé ciotach, cad as a bhfuil sé ciontach?

    Ba dual do íospairt fios a chuir ar na Gardaí. Ba dual do Gardaí fiosrú. Ba dual don Gharda dlí a chuir ar aoinne a bhris an dlí, ceilteoirí san áireamh.

    Is faoi lucht na hEaglaise, nó cibé cuideachta atá i dtreis, plé lena tearn iad muna bhfuil briseadh dlí síbhialta i gceist

  6. Fearn

    ciotach = ciontach ( nó a athrach?)

    Má tá sé ciontach, cad as a bhfuil sé ciontach?

    Ba dual do íospairt fios a chuir ar na Gardaí. Ba dual do Gardaí fiosrú. Ba dual don Gharda dlí a chuir ar aoinne a bhris an dlí, ceilteoirí san áireamh.

    Is faoi lucht na hEaglaise, nó cibé cuideachta atá i dtreis, plé lena tearn iad muna bhfuil briseadh dlí síbhialta i gceist

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24