Jones chun leanúint le dódh cóipeanna den Koran

Tá sé ar intinn ag an eaglaiseach atá i mbun ‘Burn a Koran Day’ dul ar aghaidh leis in ainneoin é a bheith cáinte go géar ag cléir, polaiteoirí agus lucht mhíleata i Meiriceá agus thar lear. Deir an Pastor Terry Jones go bhfuil saoirse aige faoi Bhunreacht Mheiriceá, chun cóipeanna den Koran a dhódh ar 9/11. Agus deir sé go bhfuil tacaíocht ann dó fud Mheiriceá. Ach dúirt Hillary Clinton aréir gur mór an tógáil chroí di an cáineadh géar a rinne Meiriceánaigh de gach aicme ar an Pastor Jones agus a phlean. Tá buairt ann go spreagfaidh an dódh ionsaithe ar shaighdiúirí Mheiriceá agus léirsithe frithMheiriceánach fud na cruinne. In 2008 maraíodh 15 duine ar a laghad i sraith de léirsithe foréigeanacha a thosaigh nuair a maíodh go raibh saighdiúirí Mheiriceá ag maslú an Koran. Le cúpla lá anuas bhí léirsithe ann i roinnt tíortha Moslamacha agus daoine ansin iontach feargach faoina bhfuil ar bun ag an Pastor Jones.

Scríofa ag ar 08.09.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24