Joe Brolly – ní gnó le duine ar bith eile é ainm clubanna CLG

Deir an tráchtaire Joe Brolly nach gnó duine ar bith eile é má thógann clubanna CLG ainmneacha orthu féin a dhéanann comóradh ar Phoblachtaigh. Dar leis go bhfuil sé iontach bródúil as gur baisteadh club Kevin Lynch ar chlub iomána ina bhaile dúchais féin, Dún Geibhinn. ‘D’imir Kevin iomáint don chontae agus don chlub áitiúil agus sin an chúis ar baisteadh club Kevin Lynch ar an chlub áitiúíl’ ar seisean. Dar leis nach bhfuil sé sa rírá ag Aontachtaithe faoi ainmneacha clubanna de chuid an CLG ach ‘seó taoibhe.’ Mhol sé Peter Robinson as a bheith i láthair ag ócáid a reáchtáil Cooperation Ireland aréir chun aitheantas a thabhairt don obair mhór atá déanta ag an CLG chun athmhuintearas a chur chun tosaigh sa tuaisceart. Mhaígh Joe Brolly,  ‘Tá an CLG ag obair go cíochrach chun athmhuintearas a chur chun cinn sa tuaisceart, oiread is a ligeann na coinníollacha dóibh déanamh amhlaidh.  Tá Peter Robinson i ndiaidh dul chomh fada agus a dtiocfadh leis – agus b’éigean dó tagairt a dhéanamh do chlubanna ar nós na Kevin Lynch’s. Ach ba é an rud tábhachtach é ná go raibh sé ag an ócáid aréir.’

 

Scríofa ag ar 18.10.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

5 Nóta Tráchta ar “Joe Brolly – ní gnó le duine ar bith eile é ainm clubanna CLG”

  1. séamusmacseáin Béal Feirste

    tá misneach ag an Uasal ó Brollaigh sin a rá agus an gairim atá aige agus ní thabhóidh sé mórán carad dó féin dá bharr ach is dual athar dó a bheith mar sin nó is é a scríobh an tamhrán iomráiteach Poblachtach a thosaíonn le ” I’ll wear no convicts uniform nor meekly serve my time that Britain might brand Irelands fight 800 years of crime”. Bhí ball mór le rá eile de chuid an CLCHG ar an raidíó maidîn inniu a bhí an leithscéalach ar fad mar gheall ar an abhar chéanna dar liom agus é iontach lag , mura mbionn é agus Joe cóir.

  2. séamus mac seáin Béal Feirste

    an iontas ar bith é go mbeadh dearcadh mar sin ag Joe ? nárbh é a athair féin Francie Brolly a scriobh ” I”ll wear no convicts uniform nor meekly serve my time that Britain might brand Irelands fight 800 years of crime”

  3. Pól Réamainn

    Ta ceart agat an tUasal Brolly.

    Is mór an náire do Fear Manach, i mo chontae dúchais, nach ndéanann muid comóradh ar Roibeárd Ó Seachnasaigh.

  4. Ní cóir go mbeadh aon eagríocht Ghaelach bainte le Polaitaiocht ar bith agus is dearcadh polaitiuil é “foiréagan a úsáid chun spriocanna a bhaint. Más síochánai tú, nó náisiúnach bunreachtúil, ni chreidfeá sin Agus dá ndéanfaidís machnamh air, ni chreidfeadh sibh gur laoch duine ar bith é, a chuireas buama i siopa éisc ach an oiread.

    Tá a leithéid de dhearcadh ag dul an GAA i choinneál sa gheiteo seicteach ina bhfuil sé sainnithe faoi láthair.

    Éist le Jarleth Burns ina ionad

  5. séamus macseáib Béal Feirste

    a Mháirín a chara an bhfuil tú ag rá gur cheart do CLCHG cosc a chur ar mhuintir Dhún Géimhín an cumann áitiúil a aimniú as Kevin Lynch? Sin an rud atá faoí chaibidil anseo ó thaobh Joe Brolly de. Is cosúil gur imir an Loingseach don chumann áitiúil sul a bhfuair sé bás ar stailc ocrais. Ní raibh aithne agam air agus níl a fhios agam an raibh sé ina laoch nó nach raibh ach tá sé cinnte gur fear cróga a bhí ann go raibh sé sásta a bheatha féin a thabhairt ar son a chomh phríosúnach . Dá nglacfadh CLChG le do chómhairle bheadh acu le cuid mhór cumann a chosc. I mBéal Feirste féin tá na Pearses , McDermotts, O Dwyers, Rossas, ” scéimhlitheóirí” breátha iad gach duine acu ina am féin. In áit a bheith ag iarraidh cosc a chuir ar rudaí is é mo thuairim gur cheart dúinn saoirse a thabhairt do dhaoine a saol a riaradh mar is mian leo fiú mura dtáitníonn sé linn. I dtaca liomsa de ní shéanfainn a gcearta ar dhaoine cumann nó eagrais a ainmniú as baill de fhórsaí na breatainne bíodh agus go sílim gur lucht scéimhle iad cuid mhór acu ach an fhírinne a choíche is ceart domh -ceart duit an dearcadh a ba cheart a bheith againn mar Ghaeil. DAS d’éist mé le Jarlath Burns agus is dearcadh iontach “polaitiúil” a thug sé mar is dual do dhuine atá ag dul chun tosaigh sa CLCHG agus ba dheacair fios a bheith cé taobh ar a raibh sé. ar a laghad bí Joe Brolly ionraice agus oscáilte ina dhearcadh agus is cinnte nach bhfuil aon rud le gnóthú aige as dearcadh mar sin a nochtú go háirithe sa ghairm atá aige.

Tabhair Freagra

© Nuacht24