Is fíor gur bean as an Bhulgáir máthair ‘Maria’

Dhearbhaigh scrúdú DNA sa Bhulgáir inniu gurb í bean as an Bhulgáir, Sasha Ruseva, máthair an pháiste Maria a tugadh ar shiúil ó theaghlach Romach sa Ghréig an tseachtain seo caite. Bhí an teaghlach sin ag maíomh ó shin gur bhronn bean as an Bhulgáir an páiste orthu cionn is nach raibh sí féin in ann riar uirthi. De réir an scéala a d’inis Sasha Ruseva le hiriseoirí inniu gur bhreith sí Maria nuair a bhí sí ag obair sa Ghréig agus cionn is nach raibh maoin ná acmhainn aici chun an páiste a thógáil í féin d’fhág sí leis an teaghlach Romach í. Deir na péas sa Bhulgáir go bhfuil siad ag fiosrú an scéala le fáil amach ar díoladh an páiste nó díreach ar fágadh í faoi chúram an teaghlaigh Romaigh. Tá máthair agus athair an teaghlaigh Romach sa Ghreig, Christos Salis agus Eleftheria Dimopoulou faoi ghlas agus fuadach páiste curtha ina leith.

Scríofa ag ar 25.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Is fíor gur bean as an Bhulgáir máthair ‘Maria’”

  1. Fearn

    is iontach go deo an phoiblíocht a fuair an scéal seo, agus an scaoll a scaoileadh in Éirinn dá dheasca.

Tabhair Freagra

© Nuacht24