Iosrael ag diúltú cead isteach do ghrúpa ón AE

Deir an feisire Eorpach Martina Anderson go bhfuil thar a bheith míshásta go bhfuil Iosrael i ndiaidh diúltú ligean do thoscaireacht an Aontais Eorpaigh dul isteach sa Straice Gaza. Ba í Emer Costello ceannasaí an ghrúpa agus cháin an bheirt acu Iosrael as a bheith ag diúltú cead isteach do ghrúpa oibre an Aontais Eorpaigh, grúpa a bhí ann faoi stiúir ag UNRWA, áisínteacht de chuid an Aontais Eorpaigh. Luaigh an feisire Anderson go raibh Uachtarán ar Pharlimint na hEorpa, Martin Schulz, orthu sin a rinne ionadaíocht ar son an ghrúpa leis na húdaráis in Iosrael ach ní raibh Iosrael chun bogadh. Deir an feisire Anderson go bhfuil siad ag iarraidh anois ar Toscaire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, Catherine Ashton, brú ar Iosrael an chuairt a cheadú agus mura dtarlaíonn sin beidh cruinniú acu le UNRWA ar an Bhruach Thiar.

Scríofa ag ar 24.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Iosrael ag diúltú cead isteach do ghrúpa ón AE”

  1. Fearn

    Nach dtig leo dul isteach bealach na hÉigipte?

Tabhair Freagra

© Nuacht24