Ionsaí ar theach i nDoire
Ní heol go fóill cén duine nó eagras a bhí freagrach as ionsaí buama ar theach i nDoire ar maidin inniu. Caitheadh buama píobáin i dtreo an tí i gceantar An Chúil Mhóir
agus rinneadh damáiste do charr agus don teach nuair a phléasc an buama taobh amuigh. Bhí cúigear páiste agus beirt dhuine fásta sa teach ag an am ach níor gortaíodh aon duine.