Íocshláinte úr d’Fhianna Fáil
Don seachtú huair as a chéile, bhí Fine Gael chun tosaigh ar Fhianna Fáil i bpobalbhreith is úire The Irish Times/MRBI.
Ach beidh oiread de chúis imní ag Fine Gael agus a bheidh de chúis cheiliúrtha acu nó in ainneoin na gciorruithe, an ghéar-bhuiséid agus NAMA, neartaigh tacaíocht an phobail d’Fhianna Fáil agus do Brian Cowen.
Beidh an rialtas sásta go bhfuil bonn seasmhach fúthu anois i ndiaidh 10 mí chorracha. Seachas sin, tá siad i ndiaidh bua a fháil sa reifreann faoi Chonradh Liospóin, tá reachtaíocht NAMA i bhfeidhm, d’éirigh leo an buiséad a chur i gcrích gan mór-aighneas tionsclaíochta (go fóill beag) agus d’éirigh leo cur lena dtacaíocht. Rud a fhágann go mbeidh Fianna Fáil níos muiníní i mbliana ná mar a bhí le tamall anuas.