‘Stádas dramhaíle’ ag fiacha na Gréige

Tá an iarracht chun an euro a chosaint agus eacnamaíocht na Gréige a choinneáil ina bheo faoi lán seoil thug Uachtarán an Aontais Eorpaigh, Herman Van Rompuy le fios ar maidin. Bhí sé ag caint i ndiaidh don chomhlacht rátála, Standard and Poor’s socrú go bhfuil stádas dramhaíle ag fiacha na Gréige. ‘Tá an phlé leis an Ghréig ag dul ar aghaidh go maith’ arsa an tUachtarán Rompuy, ‘ agus níl sé i gceist go ndéanfar aon athstruchtúrú ar na fiacha.’ Beidh cruinniú ag an Aontas Eorpach ar 10 Bealtaine chun iasachtaí na Gréige a cheadú, 6 lá sula mbeidh íocaíocht mhór le déanamh ag an tír chun a fiacha a sheirbhísiú.

Scríofa ag ar 28.04.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24