Níos mó ná 500m san Aontas Eorpach anois
Tá daonra an Aontais Eorpaigh i ndiaidh dul thart 500 milliún den chéad uair riamh. Bhí 499.7 milliún duine ina gcónaí san Aontas ar 1 Eanáir 2009 ach faoi 1 Eanáir 2010 bhí 501.1 milliún i gceist. Tháinig cúig mhilliún naíonán ar an tsaol san Aontas Eorpach in 2009 agus bhí an ráta bréithe is airde ag Éirinn, an Bhreatain agus an Fhrainc agus an ráta is ísle sa Ghearmáin agus san Ostair. Ach bíodh is go bhfuil daonra an Aontais ar méadú is amhlaidh go bhfuil sé i bhfad ar chúl iomaitheoirí ar nós na Síne. Tá breis agus 1.2 billiún duine ag an tSín agus iad ag dréim leis go mbainfidh siad 1.4 billiún duine amach faoi 2015. Bhí billliún duine in India an t-am deireannach a rinneadh daonáireamh ansin (2001) agus de réir dealraimh tá stró mór othug daonáireamh nua a chur le chéile i láthair na huaire.