Marú iriseora sa Ghréig

Deir na péas sa Ghreig  go bhfuil siad den tuairim anois gur paraimhileataigh ón eite chlé a bhí freagrach as dúnmharú iriseora inniu. Scaoileadh Sokratis Giolias, iriseoir a raibh clú air as fiosrú scéalta ar léisc le hiriseoirí eile fiosrú, scaoileadh é 15 uair. Dar lena chomhoibrithe ag Thema FM, raidió neamhspleách san Aetéin, dar leo go raibh sé ar tí scannal a nochtadh.  Deir na péas gur maraíodh Sokratis Giolias le gunna a d’úsáidigh grúpa de chuid na heite chlé – an SR – chun daoine a mharú roimhe seo.

Scríofa ag ar 19.07.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24