Mandela 92 bliain d’aois
Rinne an Afraic Theas breithlá Nelson Mandela a cheiliúradh leis inniu. Tá iarUachtarán na hAfraice Theas 92 bliain d’aois ach tá sé lag le tamall anuas agus chaith sé an lá sa bhaile lena chlann. Bíodh is go raibh go leor den phoiblíocht faoina bhreithlá ag amharc siar ar na héachtaí a rinne seisean bhí go leor altanna agus míreanna nuachta ann faoin imreas atá ann i rith an ama chun an t- ainm ‘Mandela’ a úsáid i gcúrsaí gnó is tráchtála. Tá baill de chlann Mandela, a bheirt iarbhean, iarchomrádaithe leis san ANC, iarchimí a bhí mór leis agus go leor leor eile maidir leis an cheart chun an t-ainm Mandela a úsáid i gcúrsaí gnó is poiblíochta.
Scríofa ag Eoghan Ó Néill
ar 18.07.2010 Rannóg idirnáisiúnta.