Léirsithe in Iosrael ar son Gilad Shalit

Bhí na mílte Iosraelach páirteach inniu i léirsithe fud na tíre chun aird a tharraingt ar Gilad Shalit, an saighdiúir Iosraelach atá faoi ghlas ag Hamas le ceithre bhliain go cothrom. Tá Hamas ag éileamh saoradh na gcéadta cime Palaistíneach chun go ligfeadh siadsan saor Gilad Shalit. Ach tá rialtas Iosrael ag diúltú ligean saor cuid de na cimí sin cionn is gur ciontaíodh iad as marú Iosraelach. Dhiúltaigh Hamas ligean don Chrois Dearg cuairt a thabhairt ar an saighdiúir nó dar leo go mbainfeadh Iosrael leas as aon teagmháil chun Shalit a shaoradh. Tá clann an saighdiúra ag géarú i rith an ama ar a n-iarrachtaí lena shaoradh agus tá léirsithe an lae inniu mar chuid den bhorradh sin.

Scríofa ag ar 25.06.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24