Leipreachan scaoilte chun báis

Scaoileadh chun báis beirt fhear a róbáil banc i dTennessee inné. Bhí duine acu gléasta mar a bheadh leipreachan ann. Deir na péas go raibh duine acu ag caitheamh éidí glasa, hata glas agus go raibh feasóg bhréige aige lena chois. D’éalaigh an bheirt ach nuair a chuaigh na péas sa tóir orthu chuaigh carr na róbálaithe ón bhealach. Rith siad trasna ar pháirc agus scaoil na péas orthu. Deir na péas gur maraíodh an bheirt i gcath gunna a tharla sa pháirc.

Scríofa ag ar 18.03.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24