Fírinne chogadh na hAfganastáine – eolas sceite

Tugann na mílte cáipéis rúnda de chuid arm SAM, a sceitheadh go poiblí inniu, tugann siad léargas beacht ar theip mhór fhórsaí na comhghuaillíochta san Afganastáin.

Sceith an suíomh Wikileaks breis agus 90,000 doiciméad a bhaineann le heachtraí cogaidh agus tuairiscí míleata ar an choimhlint, agus tugann an t-eolas le fios gur mharaigh fórsaí SAM, agus tíortha eile, na céadta sibhialtach le sé bliana anuas gan na maruithe a fhógairt.

Míníonn na cáipéisí rúnda go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an Talaban i gcónaí, go bhfuil diúracáin ardchaighdeán faighte acu agus go ndearna SAM iarracht an t-eolas seo a choinneáil faoi cheilt.

Léiríonn sé chomh maith go bhfuil polasaí ‘maraigh nó gabh’ ag an arm maidir le ceannairí an Talaban agus nach gcuirtear ar thriail daoine a ghabhtar.

Tá an sceitheamh eolais seo tar éis raic nach beag a thosú sa Teach Bán agus cháin rialtas na Stát Aontaithe Wikileaks go láidir as ‘saighdiúirí a chur i mbaol’.

Dúirt bunaitheoir an tsuímh, Julian Assange, áfach, go raibh lucht eagraithe Wikileaks cleachta le cáineadh ó ghrúpaí a ndéanann siad sceitheamh orthu mar gur iarracht é chun aird a bhaint de chumhacht na fírinne.

Dar leis go léiríonn na cáipéisí go ndearna na mílte coir chogaidh san Afganastáin agus go raibh an suíomh ag cinntiú eolas breise a chuirfeadh scamall eile ar an chogadh.

Tugann an sceitheamh seo sna sála ar ionsaí de chuid fhórsaí NATO an tseachtain seo caite inar maraíodh thart ar 45 sibhialtach i gcúige Helmand i ndeisceart na tíre.

Scríofa ag Nuacht24 ar 26.07.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24