Druga-chogadh Mheicsiceo

SLAD

Maraíodh beagnach 8,000 duine i bhforneart a bhain le druga-dhronganna Mheicsiceo anuraidh agus tá buairt ann go mbeidh líon na marbh i mbliana níos airde fós.

Maraíodh níos mó ná 300 duine sa chéad trí mhí de 2010 agus orthu sin, bhí roinnt Meiriceánach a bhí ag obair le hAmbasáid SAM.

Tá an forneart chomh forleathan sin is go mbíonn cathanna gunna ann anois in ionaid saoire ar nós Acapulco. An tseachtain seo caite, maraíodh páiste ocht mbliana d’aois agus a máthair agus gortaíodh scór duine nuair a tharla caismirtí gunna ansin.

Mí ó shin, d’fhill na mílte mac léinn Meiriceánach ar an bhaile de rogha ar fhanacht don sos traidisiúnta lárthéarma in Acapulco i ndiaidh gur fhág cathanna gunna ochtar marbh.

Tá rialtas Obama ag cur níos mó airgid agus gníomhaithe de chuid Mheiriceá go Meicsiceo féacháil le cuidiú leis an rialtas ansin cur i gcoinne lucht drugaí. Tá siad buartha anois go mbeidh Meicsiceo, roimh i bhfad, ar aon dul leis an Cholóim, an t-am a ba mheasa í: tír a bheidh á rialú ag cairtéil drugaí seachas ag an rialtas. Ba é briseadh na gcairtéal sin sa Cholóim a ghéaraigh ar an fhadhb i Meicsiceo nuair a bhog cuid díobh a chónaí ann, ach is barúin drugaí Mheicsiceo féin a bhí freagrach as fás na faidbhe.

Ar feadh na 1990í, chothaigh siad péas agus polaiteoirí chun cumhacht a gcuid cairtéal a threisiú. Agus an lá inniu, tá cumhacht ollmhór acu i go leor cúigí de chuid Mheicsiceo.

Tá na Stáit Aontaithe ag cur airgead agus gníomhaithe chuig an tír ach tá siad den tuairim go bhfuil an chalaois chomh forleathan anois is gur ghá polasaí millteanach láidir go fadthréimhseach chun buille marfach a thabhairt do na dronganna.

I rith an ama tá péas Mheicsiceo ar bheagán mhisnigh nó tá siad sin á sleachtú ag drongadóirí atá armtha leis na gunnaí is nua aimseartha agus is cumhachtaí.

Agus cé go bhfuil an t-arm ag taobhú leis an phéas ní raibh siad sin in ann mórán dochar a dhéan

Scríofa ag ar 20.04.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24