Comhdháil na hAfganastáine

Deir Hillary Clinton nár cheart do Uachtarán Karzhai na hAfganastáine comhaontú síochána a dhéanamh leis an Talaban nó le al Qaeda. Bhí sí orthu sin a bhí ag caint inniu ag comhdháil idirnáisiúnta ollmhór i gCabúl. Tá ionadaithe ó 40 tír páirteach sa chomhdháil agus iad ag iarraidh a leagan amach sceideal do aistharraingt saighdiúirí idirnáisiúnta ón tír. Is amhlaidh is práinní an phlé agus líon na saighdiúirí atá á marú ann ag ardú i rith an ama. Ag an chomhdháil dúirt an tUachtarán Karzhai gur mhaith leis go mbeadh arm i péas na hAfganastáine i gceannas ar chúrsaí slándála na tíre faoin bhliain 2014. Tugadh le fios gur chaith tíortha eachtrannacha $36 billiún ar a laghad ar an Afganastáin ó ionraíodh an tír in 2001 ach gan aon bhiseach mór le sonrú dá bharr. Tá an tUachtarán Karzhai ag iarraidh cúnamh breise ar luach $13 billiún.

Scríofa ag ar 20.07.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24