Círéibeacha i nGrenoble na Fraince

Fuadaíodh agus dódh corradh is tríocha carr le linn círéibeacha i nGrenoble na Fraince aréir agus inniu. Tharla an trioblóid i ndiaidh do na péas fear de bheirt robálaí a scaoileadh marbh aréir. Bhí an dís ag teitheadh leo ó casino ar imeall na cathrach agus airgead ar luach $40,000 leo nuair a thug na péas a ndúshlán. Tharla eachtra a d’fhág péas gortaithe agus duine de na robálaithe, Karim Boudouda,  marbh. Theith an robálaí eile chuig Villeneuve, ceantar bocht ar imeall na cathrach.  D’ionsaigh roinnt céadta duine na póilíní le linn dóibh a bheith ag cuardach don dara robálaí  agus chuir siad carranna le tine. Scaoileadh roinnt urchair ar na péas fosta. Bhain mionghortú do roinnt daoine. Chuimhnigh an trioblóid círéibeacha 2005 sa Fhrainc nuair a mhair trioblóid sna bruachbhailte ar feadh roinnt seachtainí.

Scríofa ag ar 17.07.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24