Cinsireacht sa Tuirc

Gearradh 21 bliain ar eagarthóir Ozan Klinic sa Tuirc an tseachtain seo caite as an pháirtí PKK (Páirtí na nOibrithe na Cordastaíne) atá faoi chosc, a lua 12 uair ina pháipeár ‘Azadiya Welat’. Mheas na breithimh sa chúirt in Iostanbúl go raibh na haltanna sna 12 eagráin inar luadh an PKK ag tabhairt tacaíochta do ghrúpa sceimhleoireachta cé nár scríobh ach go raibh Abdullah Ocalan, ceannaire an PKK atá i bpríosún i láthair na huaire, ina cheannaire ar “phobal na Cordastáine.” In éineacht leis an PKK a lua, mheas na breithimh gur theip ar an pháipeár, a druideadh cúig uair roimhe seo, ‘mairtirigh’ a thabhairt ar shaighdiúirí na Tuirce a fuair bás i gcatha.

Scríofa ag ar 15.02.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24