Ceannaire nua ag Plaid Cymru

Is í Leanne Wood atá tofa mar cheannaire nua Plaid Cymru.

Bhí go leor cainte faoin fheachtas toghcháin don cheannaire úr ar pháirtí náisiúnach na Breataine Bige le tamall anuas agus bhí beirt eile san iomaíocht don phost, mar a bhí Elis-Thomas agus Elin Jones.

Rinneadh cuntas ar na vótaí i gCaerdydd tráthnóna agus fógraíodh gurbh í an bhean as deisceart na tíre, nach cainteoir dúchais Breatnaise í ach atá ag foghlaim na teanga faoi láthair, a bhain an chéad áit amach.

Breathnaítear ar an toradh seo mar ré nua do Plaid agus súil ag an pháirtí anois go mbeidh siad in ann dul chun cinn a dhéanamh i gceantair Bhéarla na Breataine Bige.

Go traidisiúnta tá vóta láidir ag Plaid sa tuaisceart, áit a bhfuil formhór de chainteoirí dúchais Cymraeg.

Is ón taobh clé de Plaid Cymru í Leanne Wood fosta, rud eile a rachaidh i bhfeidhm ar vótóirí sa deisceart, croícheantar pháirtí an Lucht Oibre.

Scríofa ag ar 15.03.2012 Rannóg idirnáisiúnta.

1 Nóta Tráchta ar “Ceannaire nua ag Plaid Cymru”

  1. Cuairteoir

    Bhí mé ag leanúint an scéil seo, maith iad Plaid Cymru!

Tabhair Freagra

© Nuacht24