Bua do mhná san India

Agus 14 bliana caite ó moladh é, tá rialtas na hIndia le hacht a leagadh síos a thabharfadh tríú chuid de shuíocháin na parlaiminte agus an reachtais stáit do mhná. In ainneoin gur cuireadh Teach Uachtarach na parlaiminte (Rayja Sabha) ar athló dhá uair agus baill ó pháirtithe sóisialacha ag cur i gcoinne an bhille d’éirigh leis an Aire Dlí, Veerappi Moily an bille a chur chun tosaigh. Bhí na sóisialaigh ag iarraidh cuótaí do mhná Moslamacha agus do mhná ó ceastaí íochtaracha a bheith san áireamh.
Cé go bhfuiltear ag cur in éadán an bhirt agus éilimh ann go mbeadh titim i líon na mball ó ghrúpaí míonlaigh, táthar ag tuar go mbeidh leis an bhille, a cuireadh chun tosaigh don chéad uair in 1996. Go háirithe anois agus tacaíocht tras pháirtithe ann. Tá an Comhaontú UPA, agus an Comhaontú NDA agus na páirtithe ón éite chlé uilig i bhfách leis an acht a chuirfeadh méadú i líon na mban sa Lok Sabha ó 59 i láthair na huaire go dtí 181 as 545 baill, as seo amach.
Ag caint ar an acht, arsa Sonia Gandhi, uachtarán an Pháirtí Congress, rud atá annamh i dtír ina meastar gur gnóithe a bhainneann le fir amháin ab í an pholaitíocht, ar sí;
“Bheadh sé ina phronntanas do mná na hIndia.”

Scríofa ag ar 08.03.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24