BP – luach a scaireanna ag titim go tubaisteach

le hAaron Mac Fhionnlaoch

Tá ola fós ag sceitheadh isteach i Murascaill Mheicsiceo ó tharla pléascadh
ar rige ola ar an 20 Aibreán inar maraíodh 11 duine. Agus is baol go leanfaidh sé ag sceitheadh roinnt míonna eile nó tá teipthe go dtí seo ar gach iarracht a rinneadh lena stopadh.

Is leis an chomhlacht
BP an rige ola agus tá an fhreagracht ar an chomhlacht sin stop a chuir leis
an sceith, agus an ola a bhaint ón fharraige agus an chósta a ghlanadh.

Ó Aibreán tá BP ag cur i bhfeidhm roinnt pleananna éagsúla chun an sceith a
chur faoi smacht, ach theip orthu go dtí seo.

Tá Uachtarán Mheiriceá Barack
Obama mar aon le polaiteoirí áitiúla ar chósta an Mhurascaill ag ceistiú
ábaltacht BP dul i ngleic leis an fhadhb. Tá Obama faoi bhrú chomh maith
agus an tubaiste seo a chuir i gcomparáid le Hairicín Caitríona maidir leis
an fhreagairt mhall a bhí ag an rialtas feidearálach ar an dá thubaiste.

An chéad phlean a bhí ag BP ná chun caipín a chuir ar an pholl ar bhun na
farraige, ach theip orthu cosc a chuir ar an ola sceitheadh isteach san
fharraige. Is é an réiteach atá BP ag obair ar faoi láthair ná an poll a
líonadh le leacht le dlús ard agus suimint chun bac a chuir leis an ola
teacht amach. Dár le BP nár úsáideadh an modh seo in uisce chomh domhain go
dtí seo. Anois go bhfuil teipthe orthu an sceitheadh a stopadh leis an modh seo
deirtear go mbeadh sé mí Lúnasa sular chuirtear stop leis an sceitheadh. Má
tharlaíonn sé seo beidh impleachtaí tromchúiseacha do mhuintir agus
d’fhiabheatha na háite.

Is bogach é go leor de chósta an Mhurascaill agus má shroicheann an ola na
bogaigh marófar go leor ainmhithe agus éan agus déanfar damáiste fadtéarmach
don bhogach.

Chaith BP os cionn €600 milliún go dtí seo ar iarrachtaí chun an sceith a
stopadh agus ar obair glanadh san fharraige agus ar an chósta.

D’íoc BP €32
milliún le comhlachtaí ar chósta an Mhurascaill mar gheall ar an éifeacht
atá ag an ola ar na comhlachtaí sin. Tá an ola ag cur isteach go mór ar
chúrsaí turasóireachta agus iascaireachta sna Stáit ar chósta an
Mhurascaill.

Ag tús na seachtaine seo thit scaireanna BP go tobann ar stocmhalartáin fud na cruinne. Baineadh $14 billiún dá luach ar stocmhalartán Londain.

Scríofa ag ar 01.06.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

2 Nóta Tráchta ar “BP – luach a scaireanna ag titim go tubaisteach”

  1. Dubhaltach

    Chaith siad €600 milliún go dtí seo!

    Fuair siad tuairim is €15 billiún i mbrabús anuraidh agus €25 billiún i mbrabús an bhliain roimhe sin, mar an gcéanna leis an bhliain roimhe sin, agus an bhliain roimhe sin etc etc…
    Níl ach pinginí caite acu ar an fhadhb go dtí seo.

  2. Fearn

    Poll ag tonnadh ola amach ar an fharsaingeacht: sin tubaiste

    Titim i luach scaireanna : sin míthapa

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24