BP – cailliúint $17 billiún i dtrí mhí

D’fhógair BP ar maidin go bhfuil siad ag cur ar leataobh $32 billiún chun íoc as an damáiste a tharla mar gheall ar an phléascán agus sceitheadh eolais ag suíomh druileála dá gcuid i Murascaill Meicsiceó. Deir an comhlacht go bhfuil siad muiníneach go mbeidh siad in ann costais iomlán an tubaiste is an glanadh suas a dhíol ó bheith ag díol acmhainní dá gcuid nach bhfuil lárnach don obair a dhéanann siad. Tugadh le fios ar maidin gur chaill BP $17 billiún sa thréimhse ó mhí Aibreáin go mí Iúil i mbliana agus cé gur seo an chéad uair riamh ar chaill BP airgead tá siad muiníneach go mbeidh rath arís ar an chomhlacht anois go bhfuil an ceannasaí Tony Hayward ag imeacht agus cuma air go bhfuil an sceitheadh stopaithe. Tá 638 míle de chósta Mhurascaill Mheicsiceo atá ‘oiled’ de réir na n-údaráis. Agus in ainneoin na cainte ar fad faoi ghlanadh na farraige thiocfadh leis an ola agus an truaillliú a bhaineann leis a bheith san uisce go gceann na mblianta fada dar leo.

Scríofa ag ar 27.07.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24