An Iaráin – ‘Ná gabh thar fóir’
Deir Uachtarán na hIaráine, Mahmoud Ahmadinejad, nár cheart don Rúis seasamh ‘le naimhde na hIaráine.’ Bhí sé ag caint ag comhdháil reigiúnda sa Tuirc, comhdháil atá ag plé le cúrsaí airm agus slándáil mar aon le ceisteanna eile. Tá vóta le bheith ann ar ball an tseachtain seo ag na Náisiúin Aontaithe maidir le smachtbhannaí nua i gcoinne na hIaráine agus bhagair an tUachtarán Ahmadinejad ar maidin gan páirt a ghlacadh a thuilleadh i gcainteanna faoina gclár niúcleach más rud é go gcuireann na Náisiúin Aontaithe smachtbhannaí sa bhreis ar an Iaráin. Tráthnóna dúirt an Rúis nár cheart do na Náisiúin Aontaithe dul go ródhian ar an Iaráin maidir le smachtbhannaí ar eagla go gcuirfeadh sin constaicí sa bhealach ar na hiarrachtaí chun teacht ar chomhréiteach faoin cheist.