Agóid i gCúba
Ghabh na péas i gCúba roinnt mná in Habana inné nuair a ghlac 30 bean páirt i léirsiú agus iad ag iarraidh go ligfí saor easaontóirí frithrialtais atá faoi ghlas. Tá roinnt de na cimí sin ar stailc ocrais agus an mhí seo caite cailleadh duine acu, Orlando Zapata Tamayo. Cime coinsiasa a bhí ann dar le hAmnesty International. D’iarr na péas ar na mná éirí as an agóidíocht agus bhí na céadta daoine páirteach i léirsiú ina gcoinne. I ndiaidh do na mná diúltú éirí as an agóid ghabh na péas iad. Tá roinnt cimí ar stailc ocrais i bpríosún Cúba faoi láthair. Orthu sin tá iriseoir, Guillermo Farinas, pic in airde, a deir go bhfuil sé maíte ar troscadh chun báis más gá. 
Scríofa ag Nuacht24
ar 18.03.2010 Rannóg idirnáisiúnta.