500 milliún ag Facebook anois
Tá 5oo milliún duine cláraithe le Facebook anois. Is ionann sin agus duine as gach triúr duine déag ar domhan. Dar leo gur chláraigh 100 milliún duine acu sa sé mhí atá díreach thart. Thosaigh Facebook in 2004 agu cé go raibh a seal ag My Space, Beebo agus iomaitheoirí eile ní raibh aon dream acu inchurtha le Facebook. Ach tá ceist an príobháideachais i Meiriceá agus san Eoraip ag tarraingt conspóide a d’fhéadfadh baint den luas fáis.
Scríofa ag Eoghan Ó Néill
ar 21.07.2010 Rannóg idirnáisiúnta.