19 marbh ag Paráid an Ghrá

Cailleadh naonúr duine déag inné nuair a chuaigh rudaí ó smacht ag an Love Parade in Duisburg na Gearmáin. Bíonn milliún go leith duine páirteach gach bliain sa mhórócáid don cheol leictreonach agus níor tharla a leithéid d’eachtra riamh. Bhí brú millteanach daoine ag áit amháin ar an pharáid , i dtollán le taobh ionad ceolchoirme, agus maraíodh na daoine nuair a thit siad faoi dhaoine eile. Gortaíodh corradh agus 100 duine. Bhíodh an Pharáid i mBeirlín ach in 2007 bogadh é go dtí Duisburg.

Scríofa ag ar 24.07.2010 Rannóg idirnáisiúnta.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24