Iarracht chun cartúnaí conspóideach a mharú

westergarrdScaoil péas na Danmhairge fear a bhí i ndiaidh briseadh isteach i dteach an chartúnaí conspóideach Kurt Westergaard. Bhí Westergaard ar dhuine d’fhoireann cartúnaithe a rinne sraith de chartúin a tharraingt in 2005, cartúin a spreag léirsithe agus forneart fud an domhan Moslamaigh. Léirigh na cartúin Mohammed mar a bheadh buamadóir ann. Aréir d’éirigh le fear a raibh scian agus tua aige briseadh isteach i dteach Kurt Westergaard agus bhagair go raibh sé chun an cartúnaí a mharú. Theith an tUasal Westergaard chuig seomra neartaithe sa teach agus chuaigh i bhfolach ann. Tháinig na péas ar an láthair agus dar leo gur ionsaigh an fear iad oiread sin is go mba ghá dóibh é a scaoileadh lena smachtú. Fear 28 bliain d’aois an fear atá i gceist dar leo, fear as an tSomáil a bhfuil dlúthcheangal aige leis an ghrúpa antoisceach Ioslamach sa tSomáil, al-Shabab. Deir na péas go raibh siad ag coimhéad an fear le tamall anuas mar gheall ar a cheangal le hantoiscigh.

Posted by nuacht24 on 02.01.2010 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24