Ian Paisley in ioad dianchúram san Ulster Hospital
Tá an tOir Ian Paisley tinn agus é in aonad dianchúram an Ulster Hosptial i nDún Dónaill ó bhí an Domhnach ann tugadh le fios inniu. D’iarr a bhean, Eileen, ar na meáin gan a bheith ag lorg a bharraíocht eolais agus a aithint go bhfuil siad i dteideal am a bheith acu leo féin. Tuigtear gur fadhbanna chroí atá ag cur as do Ian Paisley atá 85 bliain d’aois. Níl sé ach 10 lá ó d’éirigh an tOir Paisley as a churaimí eaglasta.
char mhaith leis an teaghlach go gcuirfí isteach orthu in aimsir seo a n-anacair ,dar m’anam!! Ba bheag aird a bhí ag an bhoc céanna ar anachar mhuintir Reavey as deisceart Ardmhacha ar ndearnadh slad orthu ag dílseoirí ach gur ainmnigh Paisley iad i Westminister faoi dhíscréid Phairliminte mar bhaill den IRA ,go bréagach agus go mailíseach. Chuir sé beatha na ndaoine a fágadh beo i ndiaidh an tslada i gcontúirt ar feadh na mblianta agus dhiúltaigh sé leithscéal a ghabháil leo fiú nuair a thug na hÚdarais ó thuaidh cruthanas dó nach raibh fírinne ar bith san rud a bhí sé ag rá. suaimhneas b’dad!! Níl a fhios agam arbh fiú do Nuacht 24 comórtas a reachtáil a fháil amach cérbh é an té a ba mhó inar measc a thionscnaigh an t-uafas a bhí againn le breis agus 30 bliana. Tá a fhios agam cé a bheadh ag barr an liosta agamsa. Ach is cinnte go mbeidh mé liom féin i mo dhearcadh nó tá athscríobh na staire agus naomhú ar bun cheana féin fá dtaobh de “Lord Bannside”.” Fear mór gnaoí,” “caractar,” “fear grinn ” srl srl. agus níl ansin ach na polaiteoirí Náisiúnaiocha!!
A Íosa Mhuire Tá grá agam oraibh sábháil a anam.
Tá mise fosta ag guí ar son an Urramaigh agus a mhuintire.