Gradam do R na G

Gradam Mhic Con Mhidhe do Spórt an tSathairn ar RnaG Tá Gradam na Gaeilge 2012 ag Gradaim Mhic Con Mhidhe bronnta ag Cumann Lúthchleas Gael ar an gclár Spórt an tSathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 

satharnBhronn Uachtarán CLG Liam Ó Néill an gradam ar Sheán Bán Breathnach ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn. Tá Gradaim Mhic Con Mhidhe ainmnithe do Phádraig McNamee, iar Uachtarán CLG, agus iar-bhall de Chomhairle RTÉ, agus tugann siad aitheantas do shár obair i réimsí na cumarsáide agus na meáin spóirt in Éirinn. Thug Alan Milton, Bainisteoir Cumarsáide CLG, ardmholadh do RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus dúirt nach raibh clúdach níos fearr le fáil in áit ar bith ar chluichí CLG ná mar atá ar RnaG, ón leibhéal náisiúnta go cluichí faoi aois. Dúirt sé freisin go raibh cuid de na hiriseoirí spóirt is fearr sa tír ag obair leis an tseirbhís, agus go raibh anailís agus faisnéis den chéad scoth le cloisteáil air. Craoltar Spórt an tSathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Satharn ag 2 pm. Bíonn clúdach cuimsitheach ar an gclár ar imeachtaí spóirt ar fud na tíre, agus níos faide ó bhaile chomh maith, ó cheann ceann na bliana. Bíonn faisnéis, anailís, agallaimh, torthaí, tuairiscí agus tráchtaireacht bheo ar Spórt an tSathairn, a chuireann Seán Bán Breathnach i láthair, agus tugtar tús áite do na cluichí Gaelacha – peil, iomáint, camógaíocht agus liathróid láimhe.

Scríofa ag ar 18.04.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24