Goitse le teacht ar ais

Tá dreim leis go mbeidh an nuachtán Goitse ar ais i mbun oibre go luath i ndiaidh dóibh tacaíocht nach beag a fháil ó phobal na Gaeilge. Táthar ag tuar go ndéanfar an nuachtán a athsheoladh ar 20 Nollaig. Go dtí seo tá €4,310 bailithe ar son an nuachtin ag http://fundit.ie/project/funders/goitse agus sé lá le dul sula mbeidh an spriocdáta istigh.

Scríofa ag ar 29.11.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

7 Nóta Tráchta ar “Goitse le teacht ar ais”

  1. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Tugann sin an t-éitheach do lucht an éadóchais a deir nach bhfuil Gaeil sásta tacú le páipéar Gaeilge. Cheap mé ariamh go raibh ach go raibh muid chomh mí éifeachtach sin ( mé féin san áireamh) nach dtiocfadh linn iad a bhaint amach. Maith é Danny Brown ( an sin an Dómhnall De Brùn a raibh aithne agam air fad ó shin i gCumann Cluain ard ?) as Goitse a sheoladh athuair ar dhíogras agus airgead Gael. Maith é

  2. Danny Brown

    Go raibh maith agat as na deá-fhocail, a Shéamuis, agus as an tacaíocht mhaoinithe. Is mé an Domhnall de Brún céanna as Cumann Chluain Árd, cinnte. Is é an rud is suntasaí faoin iarracht seo Goitse a sheoladh arís ná go bhfuil an brú agus an t-éileamh ag teacht, ní uainne, ach ón phobal sa cheantar seo. Cé go n-aontaím leis an fheachtas le páipéar clóite náisiúnta a chur i gcló, is rud eile ar fad é nuachtán áitiúil agus ní chreidim go n-oibreódh sé sin ar an idirlíon amháin. Bhí súil againn nuair a bhunaigh muid an nuachtán trí bliana ó shin go mbeadh suim ag daoine sna ceantracha eile Gaeltachta rud inteacht cosúil le Goitse a fhoilsiú dóibh féin ach níor tharla sin riamh.
    An iarraidh seo, áfach, de thairbhe go raibh againn feachtas trom poiblíochta a dhéanamh le maoiniú a fháil fríd fundit.ie, fuair muid comhfhreagras ó chúpla duine i gConamara atá ag smaoineamh ar an mhúnla céanna a chur ar bun ansin. Níl fáth ar bith, i mo thuairimse, nach mbeadh an rud céanna ar fáil i mBéal Feirste nó i mBaile Átha Cliath.
    Níl i gceist ach daoine a aimsiú atá ábalta an obair a dhéanamh agus í a dhéanamh go deonach.
    B’fhéidir go dtug mé sin liom as an Chumann.

  3. Danny Brown

    Dála an scéil, tá €4465 bainte amach againn anois. Ach tá €535 de dhíobháil go fóill. ;)

  4. Séamus Macseáin Béal Feirste

    A Danny a chara is maith liom aithne a chur ort athuair i ndiaidh 40 bliain b’fhéidir? Tá do dhearcadh ag teacht le mo dhearadh féin ar an athbheochan gur go háitiúl a dhéanfar an teanga athbheo agus ní le pleananna móra rialtais atá “Náisiúnta” mar dhea , nó mar a dúirt Ciarán Dunbar le déanaí ” Gaelaigh do shráid féin agus Gaelóidh tú Éire”. Níor mhiste dúinn féin i mBéal feirste do shampla a leanúint agus.GOITSE dar gcuid féin a bheith againn agus bhéinn i bhfathach leis an ainm amháin a úsáid fosta le do chead. Nár mhór an réabhlóid í GOITSE Bhéal Feirste GOITSE Bhaile Atha Cliath, GOITSE Ghaoth Dobhair agus GOITSE Choisfharraige a bheith ann ar ball? bheadh meas criticiúil le sin ach é áitiúl san am chéanna. Is féidir sa chás seo gur amach as Gaeltacht ThírChonaill a thiocfas ár leas sa deireadh.

  5. Danny Brown

    Go raibh maith agat arís, a Shéamuis. Tá sé 35 bliain ó d’fhág me Béal Feirste ceart go leor agus is beag am a chaith mé sa chathair ó shin.
    Úsáid Goitse mar ainm, cinnte, más mian leat ach, cé go mbeadh sé ag fóirstin do Bhéal Feirste, ní thuigfeadh Muintir Bhaile Átha Cliath nó muintir Chois Fharraige é, nó bheadh sé coimhthíoch acu. Sin an fáth gur romhnaigh muid é mar ainm, go raibh úinéireacht ag muintir Dhún na nGall air agus nach raibh sé in úsáid ar fud na tíre. Más ag smaoineamh ar bhranda atá tú, tá an t-ainm Goitse iontach láidir go háitiúil anseo ach bheadh sé iontach lag fá Chonamara, nó fán Rinn mar shampla. I bhfírinne, bhí muid ag iarraidh daoine a spreagadh le páipéar áitiúil nó réigiúnda a bhunú ina gceantar féin agus a n-ainm féin a bheith acu agus a ndearadh féin. Amach as sin, bheadh foinse nuachta áitiúile ag fás go nádúrtha agus ní féidir a thomhais cén treo a rachadh sé ach bheadh foireann iriseoirí, scríbhneoirí agus dearthóirí le taithí mhaith ar an earnáil nuachta Gaeilge, rud nach bhfuil amhlaidh anois.
    Tá sé suimiúil agus tráthúil fosta go bhfuil tionól iriseoirí le Gaeilge ag tarlú i nGaillimh ag deireadh na seachtaine seo chugainn agus bheadh súil agam go dtiocfadh linn an choincheap sin a phlé.
    Sílim go bhfuil goleor le foghlaim againn uilig óna chéile ach muid bheith i mbun bearta agus ní ag suí thart ag caint go teoiriciúil ar na “ceisteanna móra,” cé go n-admhaím go bhfuil gá leis sin ó am go h-am.
    Tá súil agam go mbuailfidh mé suas leat mar is ceart gan mhoill.

  6. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Tá ciall leis na pointí a thógann tú a Danny gan dabht.

  7. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Bhain Goitse an sprioc €5000 amach roimh am druidte na fundúireachta .Maith iad agus abhar dóchais dúinn uilig

Tabhair Freagra

© Nuacht24