Glaschaint

‘Easpa disciplín na nGlasach ina buairt’

Dóigh nua ar Uimhir a Sé

Seal bíonn na Glasaigh leat, an chéad seal eile, is tú an namhaid is mó ar an saol acu.

Tuairim le Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, a labhair le Nuacht24 faoi ról na nGlasach in imeacht Willie O’Dea mar Aire Cosanta.

Easpa disciplín na nGlasach is mó a chuir idir olc agus bhuairt ar Fhianna Fáil seachas imeacht Willie O’Dea féin.

“Thochail Willie poll dó féin,” arsa Fianna Fáilí le Nuacht24, Dé hAoine. “Agus in ainneoin a gcuid cainte ar fad, bhí seasamh Willie dochosanta i ndiaidh dó agallamh a dhéanamh le Sean O’Rourke ar Raidió 1 RTÉ, Déardaoin.

“Ach tá Fianna Fáil buartha faoin easpa disciplín sa Chom­haontas Glas. Gur ligeadh do leithéidí Dan Boyle dul ag twitteráil faoin cheist seo, oíche Chéadaoin, díreach i ndiaidh don Chomhaontas Glas bheith ag tacú linn sa vóta mímhuiníne sa Dáil.

“Le tamall anuas, tá glórtha éagsúla ag an Chomhaontas Glas agus bíonn sé deacair a bheith cinnte faoi cén glór é fíorghlór an pháirtí.

“Ghoill an cáineadh a rinne Deirdre de Búrca go mór orthu agus is léir anois go mbíonn siad ag amharc thar a ngualainn seachas a bheith ag tabhairt cean­naireachta.”

Ar íoróiní an tsaoil, tá Fianna Fáil dóchasach go dtiocfaidh dea-thoradh ar imeacht Willie O’Dea.

Nó lig sé do John Gormley cur in iúl do bhuntacadóirí na nGlasach go bhfuil sé láidir agus go dtig leis an fód a sheasamh i gcoinne Fhianna Fáil. Ach mura dtugann sin seasmhacht don chomhrialtas, is baol go mbeidh an comhshocrú idir Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas i mbaol.

Níl á gcoinneáil le chéile anois, meastar, ach an eagla go ndéanfaí slad orthu dá mbeadh toghchán luath ann.

Ó thaobh Fhianna Fáil de, tá dochar déanta do sheasamh an pháirtí i Luimneach, ach táthar dóchasach go dtig leo sin a leigheas go gairid. Bíodh is go bhfuil Willie O’Dea imithe anois ón Chomhaireacht, tá an rialtas ag breathnú i gcónaí ar fhaill a bheith acu, go luath amach anseo, chun é a cheapadh do phost tábhachtach.

Bhí Luimneach, ar feadh i bhfad, caillte ag Fianna Fáil mar gheall ar an Pháirtí Daonlath­ach bheith chomh láidir sin sa chathair. Beidh Fianna Fáil ar a ndícheall ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh titim siar don pháirtí ann le díghrádú Willie  O’Dea.

Beidh idir Sheanadóirí agus TDanna, iar-uachtaráin Chonradh na Gaeilge agus an io­mad ball ó chraobhacha fud fad na tíre i láthair ag athsheoladh Cheannáras an Chonartha leis an Aire Éamon Ó Cuív ar 23 Feabhra.

Beidh 6 Sráid Fhearchair ar oscailt don phobal le turais treoraithe ar an fhoirgneamh ríthábhachtach seo i stair neamhspleáchais na Poblachta, 4.30–6.30in um thráthnóna, le seastán eolais ag gach eagraíocht atá lonnaithe san fhoirgneamh – Conradh na Gaeilge, Ógras, An tOireachtas, Seachtain na Gaeilge, An Siopa Leabhar, Club Chonradh na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, Rith 2010, an tIonad Saor-Chomhairle Dlí agus Glór na nGael san áireamh.

Beidh ceol agus sólaistí ar fáil sa Chlub san íoslach i ndiaidh athsheoladh oifigiúil an Cheannárais leis an Aire Ó Cuív ag 6.00in.

le Matt Mac Anna

Scríofa ag ar 23.02.2010 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24