Gillard le bheith ina Príomh Aire san Astráil

Tá rialtas mionlaigh le bunú san Astráil agus is iad Páirtí an Lucht Oibre a bheidh i gcumhacht de réir dealraimh. Bhí meá na cumhachta ag triúr feisire sa Pharlaimint nua agus inné chuir beirt acu sin, Tony Windsor agus Rob Oakeshott, chuir siad in iúl go bhfuil siad chun tacaíocht a thabhairt don bhean a bhí ina Príomh Aire go dtí an toghchán, is é sin ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Julia Gillard. Ach ba léir ina gcaint siúd go mbeidh an bheirt fheisire seo deacair a shásamh agus gur  mó seans ná a mhalairt go mbeidh toghchán eile ann taobh istigh de bhliain nó dhó. Thug an tríú feisire, Bob Katter, a thacaíocht do cheannaire an fhreasúra Tony Abbott ach níor leor é chun go ndéanfaí Príomh Aire de.

Scríofa ag ar 07.09.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24