George Lee – iarTheachta Dála

Tá George Lee chun éirí as Fine Gael agus as an pholaitíocht ar fad. Thug sé le fios inniu go bhfuil se míshásta nár tugadh ról níos mó a dó i gcúrsaí Fhine Gael agus gur olc leis nach raibh inchur aige ar pholasaithe eacnamaíochta an pháirtí. Chuimhnigh sé gur thug Enda Mac Cionnaith le fios dó ar na mallaibh go mbeadh biseach ar chúrsaí feasta ach nár shásaigh an dearbhú sin é. Bíodh is go raibh cúlra aige i gcúrsaí eacnamaíochta níor lorgaíodh a chomhairle faoi pholasaithe eacnamaíochta an pháirtí. Níl sé ach naoi mí ó chuaigh an chraoltóir eacnamaíochta isteach i bhFine Gael. Dar leis go raibh sé ag machnamh air seo a dheanamh le tamall anuas agus gur phéigh sé é le daoine eile roimh a chinneadh a fhógairt. Deir sé gur mhaith leis dul ar ais chuig RTÉ.

Posted by nuacht24 on 08.02.2010 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

1 Nóta Tráchta for “George Lee – iarTheachta Dála”

  1. Fearn

    Á! seoirse bocht.

    Is iomaí post nach bhfuil in áit na cumhachta: eacnamaí, iriseoir, polaiteoir.

    ach téann a ionrachas i gcion orm, ionracas a mhianach fhéin a aimsiú is a chuir i gcóir go héifeacht. Tá súil agam go mbeidh leis.

    Is trua nach iad na daoine ar cheart dóibh a bpost a thréigint, a imíonn!

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24