Na Gardaí buartha go mbeidh imreas fuilteach eile ann
Tá Gardaí sa bhreis le cur ar dhualgas i mBaile Átha Cliath Thiar agus i Luimneach ar eagla go spreagfadh dúnmharú Melanine Mc Carthy / Mc Namara imreas fuilteach eile idir drongadóirí. Ní léir don Gharda go fóill cé go díreach a mharaigh Mealanie (16) ach tá siad den bharúil gurb é a buachaill chara a bhí léi sa charr, targaid na ngunnadóirí. Tá daoine atá ceangailte leis an lucht siúil, le coirpigh agus le lucht drugaí faoi amhras ag bleachtairí atá ag fiosrú na heachtra seo. Tá níos mó ná 40 bleachtaire ag obair ar an chás agus dóchas acu go mbeidh siad in ann dul chun cinn go gasta anois go bhfuil an ghrainnghunna a d’úsáid na marfóirí aimsithe acu.