GAELSCOIL NA bhFÁL BUAITEOIRÍ NA SRÁITHE Chumann na mBunscoil

GAELSCOIL NA bhFÁL BUAITEOIRÍ NA SRÁITHE Chumann na mBunscoil

 

Tá Gaelscoil na bhFál i ndiaidh éacht mór a dhéanamh i gcúrsaí peile i mbliana. Tá an scoil cláraithe le Cumann na mBunscoileanna le deich mbliana anuas agus is beag rud go fíreannach a bhain muid riamh roimhe. Bíonn coimhlint ghéar idir na gaelscoileanna agus le tamall, b’iad Bunscoil Phobal Feirste agus Bunscoil an tSléibhe Dhuibh na scoileanna is rathúla. Spreag sin go mór mór, cailíní agus gasúraí Ghaelscoil na bhFál i mbliana. Tá obair chapaill curtha isteach acu ó thús na bliana seo.

Bíonn na páistí ag traenáil go dian dícheallach gach Déardaoin agus tá borradh fá chluichí Gaelacha sa scoil. Mar sin de, nuair a thosaigh na sraitheanna i mbliana,bhí foirne Ghaelscoil na bhFál réidh agus ar bís. Tá beagnach caoga páiste ag traenáil gach seachtain!

Níor chaill na gasúraí cluiche ar bith i sraith s’acu agus bhain siad an cluiche ceannais amach. Bhí cluiche den scoth acu in eadán St. Bernard’s Gleann Gorm Liath sa cheannas. Bhuaigh siad an cluiche le cúpla scór. D’imir an fhoireann ar fad go hiontach. Bhí cúpla taispeantás peile d’ardchaighdeáin ann, go háirithe Adam Robinson, Johnny Mc Kenna, Conrad Mc Curdy, Lorcán Philips agus Oisín Browne.

Ghlac na cailíní páirt i sraith B, An Corn Lagan agus amháil na gasúraí, níor chaill siad oiread is cluiche amháin. Thug siad aghaidh ar an chluiche ceannais agus iad lán muinín. D’imir siad Naomh Bríd sa cheannas agus ní raibh amhras ar bith ann nach mbainfeadh siad an cluiche. D’imir gach girseach go hiontach! Ní raibh ach trí chailín déag ó R5 go R7 a d’imir peil, mar sin de, ba bhua speisialta seo in eadán scoil mhór, macasamhail Naomh Bríd. Seo an dara nó triú bliain, d’fhoireann na gcailíní bheith páirteach sna comortais agus d’éirigh go geal leo uilig, go háirithe Toni Leigh, Alicia, Caoimhe F,Caoimhe Mc, Orla, Tiarna, Muireann, Rhianna, Clíodhna, Danielle, Aoife, Aoibh, Isuelt, Deirbhile agus Alicia! Maith sibh!

Anois, beidh sos beag againn agus tabharfaidh muid ar an Nollaig agus ar an bhliain úr le dochás o thaobh cúrsaí peile, go háirithe le Féile Peile na nGaelscoileanna ar na bacáin.

Buíochas mór do Glenn, Fhionntán agus Sheán!

TÍR GAN TEANGA, TÍR GAN ANAM!

Scríofa ag ar 04.12.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24