Uachtarán nua ar an Oireachtas
Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2010, Mícheál de Mórdha, ag searmanas speisialta i gceannáras Fhoras na Gaeilge tráthnóna inniu (Dé Máirt, 9 Feabhra 2010). Cuireann an ócáid seo tús le féilire imeachtaí an Oireachtais do 2010.
Is as Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh i dTrá Lí do Mhícheál agus tá a shaol oibre caite aige leis an nGaeilge. Ó 1993 ar aghaidh, tá sé ina Stiúrthóir ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin. Roimhe sin, chaith sé 17 mbliana mar Chlár-Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta, d’oibrigh sé mar iriseoir leis an nuachtán Gaeilge, Inniu, agus chaith sé bliain mar riarthóir le Gael Linn.
Tá spéis ar leith aige sna teangacha Ceilteacha agus bíonn sé i gcónaí ag iarraidh nasc níos láidre a chothú lenár gcomharsana Ceilteacha. Ní strainséir ar bith é Mícheál do chomórtais an Oireachtais ach an oiread – bhuaigh sé féin duais sna Comórtais Liteartha cúpla uair.
“Is mór an onóir dom a bheith ceaptha san oifig seo,” a dúirt Mícheál, agus é ag glacadh le Slabhra an Uachtaráin. “Tugann sé cúis bhród dom ionadaíocht a dhéanamh don Oireachtas sa bhliain atá romhainn. Is é Oireachtas na Samhna an fhéile is tábhachtaí i gcultúr Gaelach na hÉireann,” a dúirt sé.