Tóstal mór na Gaillimhe

Moilliú ina bhac – TD

Deir an Teachta Dála, Cyprian Brady, gur cheart do chomhairle Bhaile Átha Cliath gan dul ar aghaidh leis an chóras moillithe tráchta atá á chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath.

Bhí tiománaithe, den chuid is mó, thar a bheith míshásta leis an chóras go dtí seo, ach chuir rothaithe agus coisithe fáilte roimhe. Dar leis an Teachta Brady (FF) go mbeidh costas €1m ar chur i bhfeidhm agus ar bhainistiú an chórais agus nach bh­fuil sin ag cur san áireamh luach an ghnó a chaillfidh siopadóirí.

Ach tá comhairlí i roinnt cathracha eile, Luimneach agus Corcaigh san áireamh, ag smaoineamh ar ar chóras moillithe tráchta a thionscnamh ina gcathracha siúd.

Beidh Tóstal na Gaeilge ar siúl i mbliana, 26 – 27 Feabhra, sa Salthill Hotel, Gaillimh.

“Ó Aidhm go Feidhm” a bheidh mar theideal ar an chomhdháil seo, atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus díreofar ar chur i bhfeidhm Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Osclóidh An tAire Éamon Ó Cuív, TD, Tóstal na Gaeilge 2010 go hoifigiúil, agus tabharfaidh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, eochairchaint an Tóstail.

Ar dhuine de phríomh­chainteoirí an Tóstail beidh an tOllamh Colin Williams, ó Ollscoil Cardiff sa Bhreatain Bheag. Beidh a chaint siúd dirithe ar conas plean teanga a chur i bhfeidhm. Pléifidh an tOllamh Dónall Ó Baoill modhanna measúnaithe ar chur chun cinn teanga agus labhróidh an Dr Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr Brian Ó Curnáin ar ‘Mionteanga agus Mórtheanga i Ré na Straitéise 20 Bliain’.

Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheidh mar chathaoirleach ar an seisiún seo, agus i measc na gcainte­oirí ar an phainéal, beidh: An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD; léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh, an Dr Conchúr Ó Giollagáin; an taighdeoir agus an gníomhaire pobail, Don­ncha Ó hÉallaithe; urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Dinny McGinley, TD; chomh maith le hurlabhraí ar Gh­nóthaí Eachtracha do Pháirtí an Lucht Oibre, Michael D. Higgins, TD. Ar ndóigh, bei­dh neart siamsaíochta ar fáil le linn Thóstal na Gaeilge 2010. Beidh Clann Uí Mhongáin, Joe Steve Ó Neachtain, Máire Phéitir Uí Dhroighneáin, Maití Joe Shéamais, PJ agus Marcus Ó hIarnáin, Don Stiff agus aíonna speisialta ag cur neart siamsaíochta ar fáil le linn na Comhdhála.

Is féidir do thicéad a chur in áirithe, agus clár iomlán an Tóstail a íoslódáil ag www.tostal.ie

Scríofa ag Nuacht24 ar 23.02.2010 Rannóg gaeilge.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24