‘Téann Danny go Hollywood’
Tá fear as Conamara i ndiaidh páirt a thógáil i scannán mór Hollywood.
Is é Nicholas Cage an réalta mhór sa scannán, The Hungry Rabbit Jumps, agus d’iarr lucht déanta an scannáin ar Danny O’Flaherty amhrán a chanadh ann.
Tá ardaithne ar Danny mar cheoltóir agus ar ndóigh, bhí clú agus cáil ar a theach tábhairne in New Orleans, a scriosadh am Hairicín Katrina.
Rinneadh an scéal sin a thaifeadadh i gclár TG4, Is olc an gaoth. . . B’éigean do Danny an t-amhrán, ‘Parting Glass’, a chanadh 70 uair ar an seit sula bhfuarthas an leagan críochnaithe.
“B’iontach an taithí é,” arsa Danny. “Ba dheas a bheith ar scáileán mór i gcuideachta na réaltaí Hollywood. Ach bhí obair mhór ag baint leis. B’éigean an t-amhrán a chanadh 70 uair san iomlán agus mhair sé iomlán lae leis an phíosa sin a scannánú. Ach bhí sé suimiúil go maith agus tá mé ag dúil leis an toradh a fheiceáil nuair a bheidh an scannán amuigh, i dtreo dheireadh na bliana seo.”
Níl a theach tábhairne ag Danny in New Orleans a thuilleadh, ach tá sé ag brath tabhairt arís faoi fhéile Éireannach a eagrú sa chathair amach anseo. Bhí clú agus cáil ar na féilte a d’eagraíodh sé roimh an tubaiste agus go háirithe ar na rásaí curach a bhíodh ann.
Mar aon leis na himeachtaí seo ar fad, eagraíonn Danny turas gach bliain chun Meiriceánaigh a thabhairt go hÉirinn.