Stan Collymore ag leanúint don tweetáil Ghaeilge

Bhí sé ina scéal nuair a rinne Stan Collymore, fear talkSport Shasana agus iarpheileadóir sacair aitheanta, nuair a rinne sé cúpla tweet as Gaeilge an lá faoi dheireadh.

Thosaigh sé nuair a d’impigh sé, i measc rudaí eile, ar a chara Dara Ó Briain, roinnt Gaeilge a fhoghlaim dó ach ó shin bíonn teachtaireachtaí beaga as Gaeilge aige rialta go leor.

Ar na cinn is déanaí, scríobh sé “1,000 leanúna nua ó Éirinn! go raibh maith agat!” agus “Athbhliain sásta le mo chairde na hÉireann nua! Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, a fheiceann tú ar Shráid Grafton don beoir!”

Rinne sé tweet eile anocht chomh maith ag tagairt don chluiche sacair idir Liverpool agus Manchester City. “LFC v MUFC BEO ar #talksport anocht ag 7:45. Tá fearadh na fáilte roimh do lucht leanúna na hÉireann an dá bhfoirne! Is iomaí uair a fhaigheann scairt macalla.”

Is féidir Stan na Gaeilge a leanúint ar @StanCollymore

Scríofa ag ar 03.01.2012 Rannóg gaeilge.

3 Nóta Tráchta ar “Stan Collymore ag leanúint don tweetáil Ghaeilge”

  1. séamus mac seáinB'Feirste

    líofa cheana féin, trí bliana roimhe spriocdháta an Aire. (wow- mar a dúirt Mary le Lizzie) Tá duine éigin ag pléidhcíocht ach ní mé an Colymore atá ann!!

  2. Cuairteoir

    Deas a fheiceáil go bhfuil daoine cáiliúla thar sáile ag cur suime sa Ghaeilge. Anois le gach duine mór le rá anseo in Éirinn le tábhacht na teanga a thuigbheáil… :-)

  3. [...] Stan Collymore ag leanúint don tweetáil Ghaeilge [...]

Tabhair Freagra

© Nuacht24