Snámh urraithe ag muintir Dhún Phádraig
Tá grúpa de snámhaithe gan eagla ar tí tabhairt faoi snámh urraithe ar son Naíscoil Dhún Pádraig.
Rachaidh siad ag snámh ar thrá in achan chontae in Éirinn a bhfuil trá ann, 17 dtrá san iomlán.
Agus déanfaidh siad an t-éacht seo, creid nó ná creid, taobh istigh de dhá lá.
Fágfaidh na snámhaithe Dún Pádraig go luath maidin Dé Sathairn 3 Iúil chun tús a chur leis an dushlán i bPort Rois.
Ar aghaidh go Port na Binne Uaine, go rachaidh siad ansin siar go Dún na nGall agus ó dheas ar an chósta thiar le críochnú i mBaile an Bhuinneánaigh an oíche sin.
Tosóidh siad in Eochaill, Contae Chorcaí, ar an dara lá agus rachaidh siad ó thuaidh ar an chósta thior chun go mbeadh siad ag cur críoch leis an i mBaile na Mianach sa Dún an oíche sin.
Tarlóidh an t-imeacht le linn don chéad deireadh seachtaine i mí Iúil. Dúirt eagraí an imeachta, Marcas Mac Ruairí: “Tá sé de rún againn snámh ar thrá in achan chonate in Éirinn a bhfuil trá ann agus sin a dhéanamh taobh istigh de dhá lá.
“Beidh ar gach snámhaí cúig bhomaite ar a laghad a chaitheamh san uisce ar na tránna éagsúla atá roghnaithe.
“Caithfidh gach duine a bheidh páirteach ann £300 a bhailiú do Naíscoil Dhún Pádraig. “Gearrfar fíneáil ar dhuine ar bith nach rachaidh faoi uisce!” ar sé.