Seoladh Nuacht24
Le ceiliúradh a dhéanamh ar sheoladh na seirbhíse idirlín seo, beidh ócáid ag Nuacht24 sa dánlann ‘Belfast Exposed’ ar Shráid Dhún na nGall, Béal Feirste, Dé hAoine 18 Meitheamh ag 12.30in.
Ar an lá taispeánfar rogha de na físeáin atá curtha ar fáil ag Nuacht24 sa chéad dhá mhí ó chuaigh an suíomh beo agus labhróidh Tomaí Ó Conghaile thar cheann na foirne, chomh maith le Ceannasaí an Chiste Chraoltóireachta Gaeilge, Áine Walsh.
Beidh sólaistí ar fáil agus tá fáilte roimh chách.
is de ghlúin eile ar fad mise leis na daoine óga a bhfuil Nuacht 24 ina seilbh acu anois ach san am chéanna cuireann sé iontas orm i gcónaí chomh reidh agus atá siad slán a fhágáil ag an dream a chothaigh agus mhúnlaigh Nuacht 24 an chéad lá ariamh agus a d’fhág le h-uacht acu é. cad chuige “Belfast Exposed”?. Nach bhfuil an Droichead nó cumann Mhic Reachtain nó cumann Chluain Ard féin maith go leor faoi na gcoinne. cad chuige nach dtacaíonn Gaeil le chéile níos mó? Tá mé tuirseach de Ghaeil ag tabhairt airgead deontais Fhóras na Gaeilge do thithe ósta i lár na cathrach agus an Droichead ar leic an dorais sa cheantar chéanna a dtiocfadh leo na háiseanna uilig a chur ar fáil chomh maith le lucht an bhéarla (oops is féidir nach bhfuil an téarma sin inglactha níos mó) agus go rachadh an cúpla punta breise chun sochair do chúis na Gaeilge. Is dócha go bhfuil “ní neart go cur le chéile” sean fháiseanta chomh maith ach nuair a bhí mise óg ba sin mar a rinne muid é.
A Shéamuis, go raibh maith agat as do thuairim a roinnt linn. Mar a tharlaíonn sé, níl aon chostas le Belfast Exposed a fháil don ócáid seo. Tacaíonn Nuacht24 go láidir le gach grúpa Gaeilge agus tugann muid ardán ar leith dóibh. Go deimhin, tá muid lonnaithe in ionad Gaeilge agus fréamhaithe sa phobal a ndéanann muid freastal air. Dar linn go bhfuil sé tábhachtach chomh maith saol na Gaeilge a leathnú amach chuig gach réimse agus áit, agus sin cuid den fháth a bhfuil an ócáid ar siúl in ionad nua. Go raibh maith agat arís agus fáilte mhór romhat bheith linn ar an lá!
is maith an phoiblíocht a bheirfidh sé do “Belfast Exposed” ar scor ar bith agus na h-ionaid Ghaeilge fágtha ar gannchuid poiblíochta . B’fhearr liomsa an pobal a thabhairt isteach chuig ionaid Ghaeilge le go bhfeicfidh siad scoth na h-oibre atá ar bun iontu seachas daoine a thabhairt ar shiúil uathu ach ádmhaím gur dearcadh sean aimseartha atá ann seasamh le do mhuintir féin. Ba mhór an chabhair dar liom don Droichead nó Cumann Mhic Reachtáin nó do Chumann Cluain Ard a leithéid de chomóradh a bheith acu agus ní dhéanfadh sé dochar ar bith do Nuacht 24 ach oiread ach bain spraoí as Belfast Exposed agus ól deoch ar mo shon mar ní bheidh mé i láthair.